Céard a theastaíonn uait a dhéanamh anois?: Eolaí Náisiúnta maidir le Seirbhísí do Mharthanóirí

 

Tá roghanna éagsúla ar fáil do dhaoine a raibh foréigean agus ciapadh gnéis déanta orthu agus atá ag iarraidh gearán a dhéanamh faoin eachtra, agus tá fáil acu freisin, agus iad ag déileáil leis an eachtra, ar sheirbhísí tacaíochta don mheabhairshláinte agus don tsláinte choirp. 

 

Ar do champas féin d’fhéadfá an duine a d’inis duit faoi dhrochúsáid a threorú chuig:  

 
 

  • Seibhís Chomhairleoireachta an champais. 
  • An tOifigeach Leasa ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn. 
  • Oifig Dhéan na Mac Léinn. 
  • An tIonad / Líonra Éigeandála um Éigniú atá sa cheantar. 
  • Gardaí an cheantair. 

 

Breathnaigh ar shuíomh gréasáin do choláiste féin chun a fháil amach cá bhfuil teacht go háitiúil ar sheirbhísí ar nós iad seo. 

Má theastaíonn cabhair leighis láithreach ón duine lena bhfuil tú ag caint, gheobhaidh siad eolas anseo maidir le cuairt a thabhairt ar an Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis (Sexual Assault Treatment Unit) chomh maith le heolas faoin aonad is cóngaraí don  áit  ina bhfuil siad.  Cuireann na hAonaid Cóireála d’Ionsaithe Gnéis (SATU) seirbhís atá saor in aisce ar fáil agus tá siad in ann scrúdú sláinte agus scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar mharthanóirí. 

 

Má theastaíonn uathu gearán a dhéanamh faoin eachtra leis na Gardaí, tá tuilleadh eolais anseo  maidir le gearán a dhéanamh faoi choireanna gnéis.   

 

Chomh maith leis sin, is féidir freastail ar cheann de na hionad éigeandála um éigniú le haghaidh seirbhís comhairleoireachta. Ná déan dearmad gur féidir leatsa úsáid a bhaint as na seirbhísí seo freisin de bharr gur insíodh duit faoi dhrochúsáid gnéis.    

 

Gheobhaidh tú  nasc  anseo chuig an eolaí náisiúnta ina liostáiltear na hionaid réigiúnacha éigeandála um éigniú (rape crisis centres), agus anseo tá nasc díreach chuig suíomh Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe (Galway Rape Crisis Centre), ár gcomhpháirtí sa bhfeachtas seo. D’fhéadfá freisin glaoch ar an líne chabhrach atá acu ag 1 800 355 355 (10am-1pm, Luan  – Aoine).   

 

Is féidir leat úsáid a bhaint freisin as an líne chabhrach 24 uair an chloig atá ag Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath (Dublin Rape Crisis Centre) ag 1800 77 8888.  

 

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin obair  a bhíonn ar bun ag na hIonaid Éigeandála um Éigniú go náisiúnta, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin atá ag Líonra na nIonad Éigeandála um Éigniú (Rape Crisis Network Ireland) le theacht ar eolas atá suas chun dáta.  

”Creidim

An tábhacht a bhaineann le do ról mar éisteoir tábhachtach i gcás an mhí-iompair.  

”Cuir

 Tabhair faoin modúl ríomhfhoghlama de chuid Toiliú Gníomhach (Active* Consent)  (Béarla amháin)