Cuir le do chuid Eolais

Tabhair faoin modúl ríomhfhoghlama de chuid Toiliú Gníomhach  ‘Foréigean agusiapadh Gnéis’ ‘Conas Cuidiú Leat Féin agus Le Do Phiaraí’ (How To Support Yourself and Your Peers) 

 

Tabharfaidh ár noda ‘’Tosaigh anseo’’ ( “Start Here”) comhairle  i dtaobh an teanga agus an t-eolas a bheadh uait chun tacú  le cara, le mac léinn nó le comhghleacaí a d’inseodh duit faoi dhrochiompar gnéis.  

 

Má tá suim agat tuilleadh a fhoghlaim faoin gceist seo, tugann an modúl ríomhfhoghlama ‘Foréigean agus Ciapadh Gnéis’ (Sexual Violence and Harassment); ‘Conas Cuidiú Leat Féin agus Le Do Phiaraí’ (How To Support Yourself and Your Peersde chuid Toiliú Gníomhach (Active Consent) tuiscint níos caolchúisí dúinn  i 45 nóiméad ar fhoréigean agus ar chiapadh gnéis, agus ar na seirbhísí tacaíochta atá ann do mhic léinn ar tharla eachtra diúltach gnéis dóibh.  

 

Tá an modúl seo bunaithe ar  an suirbhé  ar Thaithí Gnéis (Sexual Experience Survey a rinne Toiliú Gníomhach (ActiveConsent) agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) sa bhliain  2020, áit ar thug na mic léinn le fios  go raibh bearnaí tuisceana ann maidir le gnéithe áirithe, bearnaí ar ghá iad a líonadh.  

 

Ar na príomhbhearnaí a tugadh faoi deara bhí an sainmhíniú ar éigniú agus ar chiapadh, na cineálacha éagsúla ciapadh agus an bealach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí tacaíochta.   

 

Tugann an modúl ríomhfhoghlama deis don dream a úsáideann é dul ar aistear cluichíochta faoina stiúir féin agus téann sé i ngleic leis na bearnaí eolais seo. Cuirtear ar chumas na n-úsáideoirí an t-eolas nua a thástáil láithreach bonn i suíomhanna samhailteacha agus comparáid a dhéanamh, trí thráth na gceist agus suirbhéanna, idir a mbeadh súil acu leis bunaithe ar thaithí a bpiaraí ar an bhforéigean / an ciapadh gnéis agus na staitisticí náisiúnta atá againn mar thoradh ar shuirbhé an SES.   

Cuir le do cuid eolais

Tabhair faoin modúl ríomhfhoghlama de chuid Toiliú Gníomhach (Active* Consent)  (Béarla amháin)